Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

An bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíocht a aisghlámadh?

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí a aisghlámadh más rud é:

  • nach raibh tú i dteideal na haisíocaíochta
  • nach gcónaíonn tú sa mhaoin ar feadh cúig bliana ar a laghad
  • nár chríochnaigh tú an próiseas an mhaoin a cheannach
  • nár chríochnaigh tú an mhaoin a thógáil.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí a aisghlámadh ón gconraitheoir más rud é:

  • nach gceannaíonn tú an mhaoin taobh istigh den dá bhliain ón uair a rinneadh an aisíocaíocht leis an gconraitheoir
  • go bhfuil forais réasúnta ag na Coimisinéirí Ioncaim creidiúint nach tusa a cheannóidh an mhaoin taobh istigh den tréimhse dhá bhliain sin.

Tá roinnt solúbthachta ann maidir leis an tréimhse dhá bhliain. Féadfaidh sé go mbainfidh sé seo le hábhar má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonfaí ceann díobh seo a leanas:

  • go bhfuil an mhaoin beagnach réidh ag deireadh an dá bhliain
  • gur cosúil go mbeidh an mhaoin críochnaithe taobh istigh de thréimhse réasúnta ama.

Ón uair a bheidh an mhaoin tógtha agus ceannaithe agat, is tusa amháin atá freagrach as na coinníollacha i leith na haisíocaíochta Cabhair Le Ceannach a chomhlíonadh. Ní bheidh freagracht ar an bhforbróir ina dhiaidh seo.