An Dreasacht um Chabhair le Ceannach (CLC)
Cén chaoi a gcuirtear isteach ar an scéim Cabhair le Ceannach (CLC)?
Bain úsáid as moChúrsaí nó as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun iarratas a dhéanamh ar CLC ar líne.
Tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas ar líne:
- céim an iarratais
- céim an éilimh.
Céim an iarratais
Féadtar cur isteach air mar dhuine aonair, nó mar chuid de ghrúpa atá ag ceannach nó ag tógáil maoine. Ní mór duit dearbhú a chomhlánú agus na blianta a roghnú le haisíocaíocht a éileamh ina leith. Má tá tú comhlíontach ó thaobh cánach de, ceadófar d’iarratas. Cuirfear uimhir iarratais ar fáil duit, chomh maith le hachoimre den tsuim a fhéadtar a éileamh. Tabharfar cód rochtana 6 dhigit duit ar leithligh trí M’Fhiosruithe.
Coinnigh nóta den dá chód seo ós rud é go mbeidh ort iad a chur ar fáil do d’iasachtóir. Má tá do theach á cheannach agat, beidh na cóid seo ag teastáil uait le haghaidh do chonraitheora cáilithe. Má tá tú ag féin-tógáil, teastóidh na cóid seo uait le haghaidh do dhlíodóra. Teastóidh an t-eolas seo ó do chonraitheoir nó ó do dhlíodóir leis an méid a thíolaic tú a fhíorú.
Má rinne tú iarratas CLC, ach mura ndearna tú éileamh fós, rachaidh d’iarratas in éag an 31 Nollaig. Féadtar ath-iarratas a dhéanamh ansin agus iarratas nua CLC a dhéanamh.
Céim an éilimh
Féadtar d’éileamh a dhéanamh nuair a bheidh ceann díobh seo déanta agat:
- nuair a bheidh an conradh le haghaidh d’áite cónaithe sínithe agat
- nuair a bheidh an chéad sciar den mhorgáiste íostarraingthe agat, más ag féintógáil atá tú.
- Logáil isteach ar CLC trí moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus críochnaigh na céimeanna seo thíos.
Céim 1
Uaslódáil fianaise ar do mhorgáiste agus an t-eolas seo a leanas faoi d’iarratas:
- má tá áit chónaithe á ceannach agat: cóip den chonradh sínithe
- má tá áit chónaithe á tógáil agat:
- cruthúnas ar an íostarraingt an chéad sciar den mhorgáiste
- cóip den tuairisc luachála ó d’iasachtóir.
Céim 2
Iarrfar ort sonraí i dtaca leis an méid seo a leanas:
- an mhaoin
- an praghas ceannaigh
- an dáta críochnaithe
- an morgáiste
- méid na héarlaise atá íoctha agat cheana féin..
Má tá iarratas á dhéanamh agat le daoine eile, beidh ort chomh maith sciar na haisíocaíochta atá le haisíoc do gach duine acu a dheimhniú. Más ag féin-tógáil atá tú, beidh ort BIC agus IBAN an chuntais bainc iasachta a chur ar fáil.
Ón uair a bheidh d’éileamh tíolactha agat, cuirfear uimhir tagartha éilimh ar fáil duit.
Cinntigh go bhfuil an t-eolas uile a chuir tú isteach seiceáilte agat sula ndéanann tú an t-éileamh a shíniú agus a thíolacadh.
Má tá aon chuid den eolas a chur tú ar fáil mícheart, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- d’éileamh a thíolacadh
- éileamh nua a thíolacadh leis an eolas ceart
Ní mór é seo a dhéanamh sula leanann tú ar aghaidh go dtí céim 3.
Céim 3
Ón uair a bheidh d’éileamh tíolactha agat, ba chóir duit d'fhorbróir nó do chonraitheoir a chur ar an eolas faoi (nó do dhlíodóir más ag féin-tógáil atá tú).
Cuir d’uimhir tagartha éilimh ar fáil dóibh (a eisítear chugat tar éis Chéim 2) chomh maith leis an gcód rochtana (a eisítear chugat nuair a dhéanann tú d’iarratas a thíolacadh). Sula bhfaighidh tú aon aisíocaíocht, ní mór do na daoine seo a leanas an t-eolas a chuireann tú ar fáil a fhíorú:
- an forbróir nó an conraitheoir, i gcás tógáil nua
- dlíodóir ag feidhmiú thar do cheann, i gcás féin-tógála.
Tá teorainn 5% de phraghas ceannaigh an tí ar an aisíocaíocht a gheobhaidh tú ar deireadh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé difriúil ó uasmhéid an éilimh a tugadh duit ag céim an iarratais.
Ar aghaidh: Eolas d'iarratasóirí, institiúidí iasachta, dlíodóirí agus conraitheoirí