An Dreasacht um Chabhair le Ceannach (CLC)
Cé na cineálacha maoine a cháilíonn?
Chun cáiliú don CLC, ní mór an méid seo a leanas a bheith fíor faoin maoin a thógann tú nó a cheannaíonn tú:
Ní mór nár úsáideadh an mhaoin riamh, nó nach raibh sé feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe. Má ba mhaoin neamhchónaithe é, ach má rinneadh í a chomhshó le haghaidh úsáid chónaitheach, féadfaidh sé go bhfuil sé incháilithe le haghaidh CLC. Má dhéanann tú an mhaoin a cheannach nó a thógáil mar infheistíocht, níl sé incháilithe le haghaidh CLC.
Luach an cheannaigh
Ciallaíonn luach ceannaigh na tógála nua an praghas ar ar cheannaigh tú í. I gcás maoin féin-tógtha, is é an luach ceannaigh an luacháil fhaofa a rinne d’iasachtóir an tráth a thóg tú an morgáiste amach.
Má cheannaigh tú an mhaoin idir 19 Iúil 2016 agus 31 Nollaig 2016, ní mór an praghas ceannaigh a bheith €600,000 nó níos lú. Má cheannaigh tú é tar éis 1 Eanáir 2017, ní mór é a bheith €500,000 nó níos lú.
Morgáiste
Ní mór gur le hiasachtóir incháilithe a thóg tú an morgáiste amach i leith na maoine. Ní mór an iasacht seo a úsáid díreach chun an mhaoin a cheannach nó a thógáil. Ní mór an iasacht a bheith 70% ar a laghad de luach ceannaigh na maoine. Tugtar an cóimheas idir iasacht agus luach air seo.
Ceadaítear urra a bheith agat ar an iasacht.
Ar aghaidh: Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?