Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Cé atá in ann CLC a éileamh?

Chun CLC a éileamh, ní mór duit:

  • a bheith i do cheannaitheoir céaduaire maoine, ag tráth an éilimh
  • maoin cáilithe a cheannach nó maoin nua a bheith tógtha agat idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2029. Ní mór luach ceannaigh nó luacháil nach mó ná €500,000 a bheith ar an maoin ag an am.
  • a bheith i do chónaí sa mhaoin mar do phríomháit chónaithe ar feadh cúig bliana tar éis duit é a cheannach nó a fhéin-tógáil
  • a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de agus, nuair is cuí, go bhfuil imréiteach cánach i bhfeidhm agat. Le haghaidh tuilleadh eolais féach Céard is gá a dhéanamh roimh iarratas a dhéanamh?
  • agus
  • ní mór gur le hiasachtóir incháilithe a thóg tú an morgáiste amach i leith na maoine. Ní mór gur morgáiste 70% ar a laghad don:
    • luach an cheannaigh an maoin
    • luach faofa, i gcás féin-tógála.

Tabhair do d'aire

Féadfaidh maoiniú cothromais comhroinnte áirithe a bheith mar chuid den chóimheas iasachta le luach. Braitheann sé seo ar an scéim cothromais comhroinnte a mbaineann tú leas aisti. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céard is maoin cháilitheach ann.

Chun cáiliú, ní mór nár cheannaigh tú nó nár thóg tú teach ná árasán roimhe seo, bíodh sé sin:

  • i d’aonar laistigh nó lasmuigh den Stát
  • i gcomhpháirt le duine ar bith eile laistigh nó lasmuigh den Stát.

Má tá tú ag ceannach nó ag féin-tógáil na maoine nua le daoine eile, ní mór dóibhsean a bheith ina gceannaitheoirí céaduaire chomh maith.

Más trí bhronntanas nó trí oidreacht a fuair tú an maoin, ní bheidh tionchar aige seo ar do cháilitheacht, ag brath ar na cúinsí.

Má tá tú ag ceannach na maoine, ní mór conradh a bheith sínithe agat chun an mhaoin sin a cheannach ar 01 Eanáir 2017 nó dá éis. Más ag féintógáil atá tú, ní mór an chéad sciar den mhorgáiste a bheith íostarraingte agat ar 01 Eanáir 2017 nó dá éis.

Forbróirí agus conraitheoirí ceadaithe

Ní mór an conraitheoir a bhfuil tú ag ceannach d’áit chónaithe uaidh a bheith faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar list of approved developers and contractors a sheiceáil le cinntiú go bhfuil d’fhorbróir nó do chonraitheoir faofa.

Más féin-tógálaí thú, níl gá ort conraitheoir cáilithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a úsáid. Ní mór, áfach, dlíodóir a fháil (cláraithe leis na gCoimisinéirí Ioncaim mar ‘Fhaomhfar CLC’) chun d’éileamh CLC a faomhadh.

Ar aghaidh: Céard is maoin cháilitheach ann?