Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Eolas d'iarratasóirí, institiúidí iasachta, dlíodóirí agus conraitheoirí

Iarratasóirí

Tá dhá chineál iarratasóirí ann a fhéadann cur isteach ar an scéim um Chabhair le Ceannach (CLC):

  • Iarratasóirí ar ceannaitheoirí céaduaire iad.
  • Iarratasóirí ar fhéintógálaithe céaduaire iad.

Tá tuilleadh eolais ar an bpróiseas seo ar fáil in Treoir Achomair d'Iarratasóirí ar Chabhair le Ceannach.

Institiúidí iasachta

Leis an gCód Rochtana agus an Uimhir Éilimh, féadfaidh iasachtóir an t-uasfaoiseamh atá ar fáil d’iarratasóir CLC a dheimhniú. Ba chóir d’iarratasóirí na sonraí seo a thabhairt dá n-iasachtóir.

Féadfaidh sé go dtiocfaidh athrú ar an aisíocaíocht CLC ón uair:

  • a dheimhnítear luach an cheannaigh, sa chás go bhfuil maoin nua á ceannach
  • a dheimhnítear luach faofa, sa chás gur maoin féin-tógáil atá ann.

Tá tuilleadh eolais ar an bpróiseas seo ar fáil in Summary Guide for Iending institutions.

Dlíodóirí

Má tá teach á fhéintógáil ag iarratasóir CLC, ní mór do dhlíodóir an t-éileamh a fhíorú. Ní mór do dhlíodóirí ar an gcéad dul síos iarratas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le bheith mar dhlíodóir cláraithe le haghaidh na scéim CLC.

Le bheith mar dhlíodóir cláraithe chun éilimh CLC a fhíorú le haghaidh féintógála, ní mór do dhlíodóirí foirm HTB2 a thíolacadh. Tíolactar an foirm CLC tri m’Fhiosruithe in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ag baint úsáid as an gcatagóir m’Fhiosruithe ‘Scéim Cabhair Le Ceannach - Faomhadh Dlíodóra’.

Tá tuilleadh eolais ar an bpróiseas seo ar fáil in Treoir Achoimre do Dhlíodóirí.

Conraitheoirí

Aon chonraitheoirí ar mian leo an scéim CLC a oibriú, ní mór dóibh an méid seo a leanas a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • fianaise go bhfuil siad comhlíontach ó thaobh na cánach de. Ciallaíonn sé seo nach mór rátáil náid nó 20% a bheith acu don Cháin Conarthaí Iomchuí (CCI).
  • a gcuid sonraí clárúcháin Cánach Breisluacha (CBL)
  • fianaise go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach suas chun dáta acu
  • sonraí na maoine cáilitheacha atá á dtairiscint, nó atá beartaithe le tairiscint, le haghaidh díola le linn an ama atá an dreasacht ar fáil
  • sonraí an cheada phleanála do na maoine atá beartaithe acu a thógáil le linn an ama atá an dreasacht ar fáil
  • sonraí na saorsheilbhe, an eastáit léasachta nó an leasa sa talamh a bhfuil na maoine cáilitheacha á dtógáil air, nó le tógáil air
  • agus
  • aon eolas ábhartha eile a dteastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a n-iarratas a mheas.

Chun a bheith cláraithe mar ‘chonraitheoir cáilitheach’ le haghaidh an CLC, ní mór do chonraitheoirí foirm HTB1 comhlánaithe a thíolacadh. Tíolactar an fhoirm trí m’Fhiosruithe in ROS. Chun é seo a dhéanamh:

  1. cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  2. roghnaigh ‘Scéim Cabhair le Ceannach’ ón roghanna anuas faoi ‘Baineann m’Fhiosrú le’
  3. roghnaigh ‘Faomhadh Conraitheora’ ón roghanna anuas faoi ‘Agus níos beaichte’
  4. cuir an t-eolas riachtanach agus na cáipéisí cuí leis de réir mar atá sa liosta thuas. Féadtar suas le 10 gcomhad a chur leis, agus gach comhad acu suas le 10MB i méid.
  5. deimhniú go dtoilleann siad chun ligean do na Coimisinéirí Ioncaim a gcuid sonraí a fhoilsiú mar ‘conraitheoirí cáilitheacha’
  6. an fiosrú a sheoladh.

Taispeáintear Conraitheoir Cáilitheach ar list of approved developers and contractors nuair atá siad cláraithe.

Tá tuilleadh eolais ar an bpróiseas seo ar fáil in Treoir Achoimre do Chonraitheoírí.

Ar aghaidh: An bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíocht a aisghlámadh?