Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Céard is gá a dhéanamh roimh iarratas a dhéanamh?

Sula ndéanann tú iarratas, ní mór duit a bheith cláraithe:

Má íocann tú cáin tríd an gcóras ÍMAT

Sula ndéanann tú iarratas ar Chabhair le Ceannach, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh le haghaidh gach bliana ar mian leat iarratas a dhéanamh i leith íocaíochta. Ní mór go bhfuil an bliain aisíocaíochta laistigh de na ceithre bliana roimh an iarratas a dhéanamh. Ní mór go bhfuil aon cháin dlite le haghaidh na blianta aisíocaíochta roghnaithe íoctha in iomlán roimh d’éileamh a thíolacadh.

Má bhí tú cláraithe le haghaidh cánach eile in aon chuid de na mblianta aisíocaíochta a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith, ní mór go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach agat.

Bain úsáid as moChúrsaí chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh do na blianta cuí. Réamhlíontar Tuairisceáin Cánach Ioncaim ar líne le do chuid sonraí pá agus cánach.

Ná déan d’iarratas CLC go dtí go bhfuil:

  • Tuairisceán Cánach Ioncaim tíolactha agat le haghaidh gach bliana a bhfuil tú ag iarraidh roghnaigh mar bhliain aisíocaíochta
  • go bhfuil Ráiteas Dliteanais faighte agat le haghaidh gach bliana atá Tuairisceán Cánach Ioncaim tíolactha agat
  • nach bhfuil aon cháin dlite amuigh in aon cheann de na mblianta aisíocaíochta
  • agus
  • Deimhniú Creidmheasanna Cánach faighte agat, más cuí.

Féadfar moill le d’iarratas bheith de thoradh ar má theiptear.

Má tá tú féinmheasúnaithe

Má tá tú féinmheasúnaithe, ní mór duit a bheith go hiomlán comhlíontach ó thaobh na cánach de agus imréiteach cánach a bheith agat. Ní mór do thuairisceáin cánach ioncaim a bheith tíolactha agat agus an cháin uile atá le dlite le híoc agat a bheith íoctha agat le haghaidh na mblianta a bhí tú féinmheasúnaithe. Bain úsáid as ROS chun do Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh.

Na blianta a roghnú le haghaidh aisíocaíocht

Bunaítear aisíocaíocht Cáin Ioncaim agus Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) ar na ceithre bliana díreach roimh bliain an iarratais, ag tosnú leis an mbliain is luaithe.

Chun bliain a roghnú ar d’iarratas CLC, ní mór:

  • do Thuairisceán bliantúil Cánach Ioncaim don bhliain sin tíolactha agat
  • agus
  • go bhfuil an méid seo faighte agat:
    • do Ráiteas Dliteanais ó na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain seo, más cáiníocóir ÍMAT thú. Ní eiseofar an Ráiteas Dliteanais go dtí tar éis do thuairisceán a bheith tíolactha agat.
    • Litir Admhála ar do bhonn féinmheasúnaithe, más cáiníocóir féinmheasúnaithe tú.

Gearríocaíochtaí de bharr Scéimeanna tacaíochta COVID-19

Más cáiníocóir ÍMAT thú, féadfar go bhfuil gearríocaíocht cánach agat in 2020 mar gheall ar ioncam faighte ón:

Níl gá an gearríocaíocht seo a bheith íoctha in 2021 chun a bheith measta mar chomhlíontach ó thaobh na cánach de. Baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim na gearríocaíochtaí, saor ó ús, trí do chreidmheasanna cánach a laghdú thar cheithre bliana, ag tosú in 2022. 

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcuirtear isteach ar an scéim CLC?