Do Ráiteas Dliteanais a iarraidh
Eisítear an Ráiteas Dliteanais chuig custaiméirí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) agus tugtar na sonraí seo a leanas ann:
- d’ioncam iomlán ó gach foinse
- briseadh síos ar do chreidmheasanna cánach
- aon cháin agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a d’íoc tú le linn na bliana
- aon ghearríocaíochtaí nó ró-íocaíochtaí cánach.
Cén chaoi le Ráiteas Dliteanais a iarraidh
I gcás 2019 agus blianta ina dhiaidh, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú ar moChúrsaí chun Ráiteas Dliteanais a fháil.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:
- cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'
- roghnaigh an bhliain chuí ón roghchlár anuas agus cliceáil ar an gcnaipe 'roghnaigh'
- déan iarratas ar Ráiteas Dliteanais
- cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’ agus lean na céimeanna chun an tuairisceán a chomhlánú
- tíolaic an tuairisceán.
Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís seo ach ceachtar den mhéid seo a dhéanamh:
- an rannán ‘Seirbhísí Eile’ a oscailt agus cliceáil ar an gcárta ‘Tuairisceán Cánach Ioncaim’
- nó
- an cluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’ a roghnú.