Díolúine Ealaíontóirí

Deontais, dámhachtainí nó duaiseanna

D’fhéadfá deontais, gradaim nó duaiseanna a fháil as do chuid oibre ealaíne. De ghnáth bíonn siad seo incháinithe mar ioncam. Má bhaineann na híocaíochtaí le saothar atá cáilithe le haghaidh díolúine d’Ealaíontóirí, féadfaidh sé go mbeadh siad díolmhaithe ó cháin. Tá gach díolúine faoi réir an uasmhéid €50,000 an duine in aghaidh na bliana.

Má deonaíodh Díolúine d’Ealaíontóirí ort, cáilíonn na híocaíochtaí seo a leanas mar ioncam díolmhaithe:

  • sparántachtaí na Comhairle Ealaíon nuair a íocann an Chomhairle Ealaíon iad go díreach leat
  • íocaíochtaí Cnuas a dhéantar faoin Scéim Aosdána
  • íocaíochtaí ó shaothair cháilitheacha thar lear
  • cónaitheachtaí, nuair a íocann an Chomhairle Ealaíon iad go díreach leat ar mhaithe le saothar cáilitheach a chruthú.

Níl cónaitheachtaí a bhaineann le healaín a mhúineadh nó a leithéid de chleachtas díolmhaithe.

Ar aghaidh: Ceart achomhairc