Díolúine Ealaíontóirí

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfuil ioncam a thuilleann tú ó do shaothair ealaíonta a dhíol díolmhaithe ó Cháin Ioncaim na hÉireann faoi chúinsí áirithe.

Féadfaimid an cinneadh a dhéanamh go bhfuil saothair ealaíonta áirithe bunúil agus go n-aithnítear saothair chruthaitheacha go ginearálta mar fiúntas cultúrtha nó ealaíonta a bheith acu.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinntí a dhéanamh maidir le saothair ealaíonta sna catagóirí a leanas:

  • leabhair nó cineálacha eile de scríbhneoireacht
  • drámaí
  • píosaí ceoil
  • péintéireacht nó phictiúirí den chineál céanna eile
  • dealbha.

Rinne an Chomhairle Ealaíon agus an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta treoirlínte a chur i dtoll a chéile. Úsáidimid iad seo chun cinneadh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil saothar bunúil agus cruthaitheach, cé acu an aithnítear nó nach n-aithnítear é mar fiúntas cultúrtha nó ealaíonta a bheith aige. Téimid i gcomhairle le comhlachtaí eile, amanna, ar nós na Comhairle Ealaíon, nuair a bhainimid cinntí amach maidir leis an Díolúine d’Ealaíontóirí.

Má dhéanaimid cinneadh ar shaothar, meastar go bhfuil Díolúine d’Ealaíontóirí agat ón mbliain ina ndéantar an t-éileamh. Ciallaíonn seo go bhfuil uasmhéid ioncam de €50,000 sa bhliain ó na saothair seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim.

Ar aghaidh: Cén chaoi le cinneadh a fháil