Díolúine Ealaíontóirí

Cén chaoi le cinneadh a fháil

Chun cinneadh a dhéanamh, ní mór duit an méid seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim:

Níl aon ioncam a thuill tú ó dhíol do shaothar sna mblianta roimhe seo díolmhaithe.

Ar an gcoinníoll go dtagann siad taobh istigh de na treoirlínte, measfar go gcáileoidh gach saothar amach anseo, seachas leabhair neamhfhicsin, sa chatagóir chéanna.

Chun cáiliú don díolúine d’ealaíontóirí, ní mór duit a bheith cónaitheach i Stát de chuid an Aontais Eorpaigh nó an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), nó sa Ríocht Aontaithe.

Samplaí oibre le tíolacadh

Ag brath ar an gcatagóir a bhfuil tú ag éileamh ina leith, ba chóir na míreanna seo a leanas a sheoladh chugainn mar thaca le d’éileamh:

  • Leabhar nó scríbhneoireacht eile - leagan leictreonach iomlán nó cóip foilsithe amháin den leabhar.
  • Dráma - cóip den script in éineacht le conradh léiriúcháin sínithe.
  • Cumadóireacht ceoil - naisc nó Dlúth Dhiosca ar a bhfuil tú luaite sna creidiúntaí i leith an ceol nó na liric.
  • Pictiúr péinteáilte nó pictiúr eile cosúil leis - sé ghrianghraf ar ardchaighdeán den saothar mar aon le CV gairid de shlí bheatha ealaíne go dtí seo.
  • Dealbh - míreanna mar atá ag an bpéintéireacht thuas. 

Ar aghaidh: Réamhdhleachtanna