Díolúine Ealaíontóirí

Réamhdhleachtanna

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú réamhdhleachtanna do leabhar nó do scríbhneoireacht eile nach bhfuil foilsithe go fóill. Má fhaigheann, ní mór duit éileamh a dhéanamh sa bhliain ina n-íoctar na dleachtanna d’fhonn go mbeidh siad díolmhaithe don bhliain sin. Ní mór duit deimhniú a sheoladh ar ais ón bhfoilsitheoir, chomh maith, go bhfoilseofar an leabhar. 

Féadfaidh sé gur sheol tú éileamh ar ais i mbliain na réamhíocaíochta, ach nach bhfuair tú cinneadh mar gheall nár foilsíodh an leabhar go fóill. Faoi na cúinsí seo, bíonn na réamhdhleachtanna faoi réir Cáin Ioncaim. Má dhéanaimid cinneadh i ndiaidh an leabhar foilsithe a fháil, déanfaimid athbhreithniú ar an gcáin atá le híoc agat agus aisíocfaimid leat aon cháin a ró-íoc thú.

Ar aghaidh: Deontais, dámhachtainí nó duaiseanna