Eolas ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2013 go dtí 2021

An Muirear Teaghlaigh (MT)

Ba mhuirear bliantúil é an Muirear Teaghlach (MT) a tugadh isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh), 2011. Bhí an muirear iníoctha ag úinéirí maoine cónaithe.

Bhí an MT iníoctha do d’údarás áitiúil. Bhí an muirear á riar ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA). 

Ón 1 Iúil 2013, méadaíodh aon dliteanas amuigh MT go €200 agus bhí sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Folaíonn sé seo pionóis dhéanacha. I mí Iúil 2013, tiontaíodh riaráistí MT go Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim na riaráistí MT ar an gcaoi chéanna leis an CMÁ. 

Íocadh MT le d’údarás áitiúil 

Má d’íoc tú do MT le d’údarás áitiúil, ba chóir admháil a bheith agus a bheith coinnithe agat. Féadfaidh sé go léireofaí ar taifead na gCoimsinéirí Ioncaim go bhfuil an MT amuigh. Más ea, ba chóir duit admháil na híocaíochta a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim nó an muirear a íoc ar líne. Féadfaidh sé go bhfuil an admháil caillte agat. Más ea, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Tacaíochta MT. Féadtar é seo a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig: support@householdcharge.ie agus cóip de d’admháil a iarraidh. 

Díolúine ón MT

Má cháiligh tú don díolúine, ba chóir Deimhniú Díolúine a bheith agat arna eisiúint ag an GBRA. Más mian leat anois díolúine a iarraidh ón MT, ba chóir duit ar dtús éileamh i scríbhinn a chur faoi bhráid an GBRA. Seol d’iarratas thar an ríomhphost chuig support@householdcharge.ie.  

Tarscaoileadh ón MT mar gheall ar an bhForlíonadh Úis Morgáiste a fháil

Féadfaidh sé go raibh tú i dteideal tarscaoileadh MT a fháil. Más ea, ba chóir Deimhniú Tarscaoilte a bheith agat ón GPRA. Má tá do dheimhniú caillte agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le support@householdcharge.ie. Ní thugann an tarscaoileadh seo an teidlíocht duit do tharscaoileadh ón CMÁ.

Ar aghaidh: Do mhaoin a luacháil amhail an 1 Bealtaine 2013