Polasaí cosanta sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim

Rúndacht ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim

Tá aird iomlán ag na Coimisinéirí Ioncaim ar do chearta chun príobháideachais i dtaca leis an úsáid a bhaineann tú as ár suíomh idirlín [1] .

Tá dualgas de réir dlí orainn rúndacht faisnéise cáiníocóirí a chosaint.  Caithfear le do chuid sonraí pearsanta leis na caighdeáin is airde ó thaobh slándála agus rúndachta. Tá sé seo i gcomhréir dhlúth:

  • leis an reachtaíocht náisiúnta ar chosaint sonraí agus cumarsáid leictreonach
  • le polasaí na gCoimisinéirí Ioncaim[2] 
  • le treoracha infheidhme de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). 

Nuair a chláraíonn tú le haghaidh ár seirbhísí ar líne agus nuair a chuireann tú isteach faisnéis íogair mar a theastaíonn i dtuairisceán cánach, déantar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis:

  • criptiú chun rúndacht a chosaint
  • tarchur le Deimhniú Digiteach i gcás Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • cosaint de réir an chleachtais is fearr sa tionscal. 

Tá tuilleadh eolais i Ráiteas Príobháideachais na gCoimisinéirí Ioncaim ar cheisteanna, amhail:

  • clárú le haghaidh seirbhísí ar líne
  • seoltaí Prótacail Idirlín (IP) a bhailiú
  • úsáid fianán
  • úsáid Google Analytics
  • úsáid Qualtrics.  

[1] Folaíonn tagairtí do ‘shuíomh idirlín’ agus tagairtí dár seirbhísí ar líne, is é sin ROS, moChúrsaí agus CMÁ.

[2] Folaíonn sé seo polasaithe cosanta sonraí, nochtuithe cosanta agus inrochtaineacht soláthair.

Ar aghaidh: Slándáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim