Polasaí cosanta sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim

Slándáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim

Tá ríthábhacht ag baint le slándáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá deimhniú ISO27001 ag suíomhanna idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Déantar criptiú ar aon leathanaigh trína n-iarrtar faisnéis phearsanta, trí dheimhniú Fíoraithe Breisithe (EV) SSL 256 beart arna shíniú ag údarás deimhnithe le hiontaoibh an phobail.

Tá tuilleadh eolais ar fáil i bPolasaí Slándála na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Rochtain neamhúdaraithe nó sáruithe amhrastacha ar shonraí