Polasaí cosanta sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim

Córas um Fhaisnéis Custam (CFC)

Bunaíodh an Córas um Fhaisnéis Custam faoin gCoinbhinsiún do Chóras um Fhaisnéis Custam, 1995. Is é aidhm atá leis ná cabhrú le dul i ngleic le coiriúlacht a bhaineann le custaim trí chomhoibriú le húdaráis Eorpacha custam.

Féadann Ballstáit rochtain a fháil air. Ós rud é go bhfuil sonraí pearsanta ann, tá roinnt coimircí um chosaint sonraí mar chuid den chóras. I measc na gcoimircí seo, tá ceart an duine ar rochtain, ceartúchán agus scriosadh.

Ní dhéanann an CFC taifeadadh ach amháin ar shonraí a bhaineann le Custaim agus Mál. Tá teorainn ar na sonraí pearsanta feadh an méid atá sonraithe sa Choinbhinsiún.

Maoirseacht náisiúnta

Tá an t-údarás ag an gCoimisiún Cosanta Sonraí chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim le sonraí, lena n-áirítear sonraí CFC.

Iarratas rochtana sonraí

Más mian leat sonraí pearsanta a fháil atá á gcoinneáil ar an CFC, féadtar é sin a dhéanamh ach iarratas rochtana sonraí a dhéanamh.

Ar aghaidh: Fiosruithe maidir le cosaint sonraí