Imréiteach cánach a choinneáil

Ba chóir go mbeadh Deimhniú Imréitigh Cánach ag gnóthaí le go mbeidh siad in ann leas a bhaint as tacaíochtaí COVID-19, lena n-áirítear:

Caileann Gnóthaí le haghaidh Imréiteach Cánach, fiú má tá an méid seo a leanas acu:

Tabhair do d’aire

D’fhan stádas na nDeimhnithe Imréiteach Cánach de bheith bailí le haghaidh gnóthaí le linn na paindéime COVID-19. Tá athbhreithniú á dhéanamh air seo anois ag na Coimisinéirí Ioncaim agus cuirfear aon fhadhb chomhlíontachta a shainaithnítear in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén chaoi le do stádas imréitigh cánach a seiceáil

Féadtar stádas reatha d’imréitigh cánach a sheiceáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Taispeántar do stádas imréitigh cánach reatha i scríbhinn ghorm os cionn na meirge liath do “‘Mo Sheirbhísí Féin”. 

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Imréiteach Cánach? 

Féadtar iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh imréiteach cánach ag baint úsáid as an gcóras ríomh-Imréitigh Cánach (eTC).

Céard atá le déanamh má dhiúltaítear imréiteach cánach

Féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe, in moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun é seo a dhéanamh:

  • cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • roghnaigh ‘Imréiteach Cánach’ ón gclár ‘Baineann m’fhiosrú le
  • Roghnaigh Imréiteach Cánach nó Imréiteach Cánach (SIPO) ón gclár ‘Agus níos beaichte’
  • Roghnaigh an bosca téacs le d’fhiosrú agus cliceáil ar ‘Tíolaic Fiosrú’.

Tabharfar aghaidh ar aon cheisteanna trí chumarsáid dhíreach leis an iarratasóir.