Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh

Céard atá le déanamh má tá Cáin Ioncaim nó MSU gearríoctha agat

moChúrsaí - Tá sé tapa. Tá sé éasca. Agus tá sé saor in aisce.

Féadfaidh sé go léirítear ar do Réamhráiteas Deireadh Bliana go bhfuil Cáin Ioncaim nó Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) gearríoctha agat. Ciallaíonn sé seo go bhfuil airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim as cáin nó MSU neamhíoctha don bhliain a chomhlánaigh tú do Thuairisceán Cánach Ioncaim Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT).

Cúiseanna le gearríocaíocht

Tá roinnt cúiseanna ann maidir le cén fáth go bhfuil cáin gearríoctha agat, mar shampla:

  • Féadfaidh sé nár úsáid d’fhostóir nó do sholáthraí pinsin an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) is suas chun dáta. Féadfaidh sé a bheith ina thoradh air seo gur feidhmíodh creidmheasanna cánach nó scoithphointe ráta chaighdeánaigh mícheart ar d’ioncam.
  • Féadfaidh sé go raibh asbhaineadh nó gur baineadh creidmheas cánach agus féadfaidh sé nár bailíodh an cháin bhreise dhlite go hiomlán le linn na bliana cánach.
  • Féadfaidh sé go raibh athrú ar mhinicíocht do phá. Mar shampla, athrú ó phá seachtainiúil go pá coicísiúil
  • Féadfaidh sé go raibh athrú ar d’fhostaíocht le linn na bliana agus é de thoradh air go bhfuair tú níos mó ná 52 seachtain de chreidmheasanna cánach nó banda ráta in aghaidh d’ioncaim
  • Níor cuireadh na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi bhás céile nó páirtnéara, faoi idirscaradh nó faoi cholscaradh. Chiallódh sé seo gur teastaíodh do chreidmheasanna cánach nó banda ráta a choigeartú
  • Má bhí tú ag fáil tacaíochtaí fóirdheontais pá paindéime amhail an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) nó an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP) nár gearradh cáim iomlán orthu le linn na bliana 2020
  • Féadfaidh sé nár gearradh cáin ina hiomláine ar d’íocaíochtaí Sochair Breoiteachta le linn na bliana cánach.
  • Féadfaidh sé go bhfuair tú íocaíochtaí pinsin nó leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) agus go raibh an méid seo a leanas mar thoradh air:
    • gan cuntas a bheith tugtha i leith ioncam ón RCS le linn na bliana cánach
    • méadú in íocaíochtaí ón RCS agus nár gearradh cáin iomlán orthu le linn na bliana cánach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán ar Chánachas ar íocaíochtaí ón RCS.

An chaoi le gearríocaíochtaí a shocrú

Sa chás go bhfuil gearríocaíocht Cánach Ioncaim nó MSU de níos lú ná €6,000 agat, beidh an rogha agat:

  • do dhliteanas a íoc i bpáirt nó go hiomlán tríd an gcárta ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ in moChúrsaí
  • an dliteanas iomlán nó an dliteanas atá fágtha a bhailiú, saor ó ús, trí do chreidmheasanna cánach amach anseo a laghdú ó 2024 thar uastréimhse ceithre bliana.

I gcás gearríocaíochtaí níos mó ná €6,000, eiseofar fógra ina leagfar amach an tsuim dhlite.

Mas mian leat, féadfaidh tú an tsuim dhlite a íoc tríd an gcárta ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ in moChúrsaí. Más mian leat na roghanna aisíocaíochta is fearr a fheileann do chúinsí áirithe, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn trí M’Fhiosruithe.

Cuirfear eolas san áireamh ar do Ráiteas Dliteanais ina mínítear an chaoi a mbaileofar an dliteanas.

Ar aghaidh: An bhfuil ort tuairisceán cánach a thíolacadh?