Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)

De ghnáth, is foinsí incháinithe ioncaim iad íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Tá, áfach, roinnt íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí díolmhaithe ó cháin.

Tá liosta mionsonraithe d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh incháinithe agus neamh-incháinithe ar fáil sa rannán ar Phoist agus Pinsin.