Daoine scothaosta

Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Más fostaí nó duine féinfhostaithe thú atá 66 bliain d’aois nó níos sine, níl ort ÁSPC a íoc ar d’ioncam. Féach ar shuíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) chun tuilleadh eolais a fháil ar ÁSPC.

Is cáin é MSU a íoctar ar d’ioncam comhlán. Ní íoctar MSU ar d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh ná ar ioncam ar a n-íocann tú Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT).

Ag brath ar d’aois agus cúinsí, féadfaidh sé go n-íocfaidh tú MSU laghdaithe, nó nach n-íocfaidh tú é ar chor ar bith. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le MSU sa rannán ar Phoist agus Pinsin.