Daoine scothaosta

Creidmheasanna cánach do dhaoine scothaosta

Creidmheasanna aois-choibhneasta

Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos sine, tá tú incháilithe le haghaidh an Chreidmheasa Cánach Aoise.

Má tá d’ioncam iomlán níos lú ná teorainn áirithe, féadfaidh sé go bhfuil tú díolmhaithe ó Cháin Ioncaim. Féach ar an rannán Díolúintí agus faoiseamh imeallach chun tuilleadh eolais a fháil.

Creidmheasanna a bhaineann le sláinte

Féadfaidh sé go bhfuil deacrachtaí sláinte agat, nó ag do chéile nó páirtnéir sibhialta. Má tá, féadtar faoiseamh a éileamh i leith:

Féadtar faoiseamh a éileamh ar an gcostas a bhaineann le cúramóir a fhostú le haghaidh céile nó gaol éagumasaithe.

Féadfaidh sé go bhfuil creidmheasanna eile ann a fhéadfaidh tú a éileamh maidir le do shláinte. Féach an rannán ar Bhreoiteacht, díobháil agus míchumas chun tuilleadh eolais a fháil.

Ag cothú cleithiúnach

Má chothaíonn tú gaol ar do chostas féin, féadtar Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh a éileamh.

Creidmheasanna a fhéadann do ghaolta a éileamh

Féadfaidh sé go bhfuil baill teaghlaigh, nó gaolta, agat a thugann aire duit mar gheall ar d’aois nó breoiteacht agus iad i dteideal faoiseamh a éileamh:

Má thugann do ghaol nó duine eile airgead do ghníomhais chúnaint ar do shon, féadfaidh siad faoiseamh suas le 5% dá n-ioncam a éileamh.

Ar aghaidh: Sócmhainní a dhiúscairt agus bronntanais agus oidhreacht a thabhairt