Daoine scothaosta

Ioncam incháinithe leasa shóisialaigh

Is éard is íocaíochtaí leasa shóisialaigh ann ná íocaíochtaí a fhaigheann tú ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Más duine scothaosta thú féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil:

  • an Pinsean Ranníocach, nó an Pinsean Neamh-Ranníocach
  • Pinsean Baintrí nó Pinsean Baintrí Fir, nó Pinsean Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach nó Neamh-Ranníocach).

Ní mór duit cáin a íoc ar na híocaíochtaí seo mura bhfuil tú díolmhaithe ó cáin. Ní íoctar Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ná an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ar ioncam leasa shóisialaigh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa rannán ar cháin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ar aghaidh: Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)