Daoine scothaosta
Sócmhainní a dhiúscairt agus bronntanais agus oidhreacht a thabhairt
Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
Príomháit Chónaithe Phríobháideach
Má dhíolann tú d’áit chónaithe, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann an Faoiseamh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach a éileamh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú díolmhaithe ó chuid den CGC a íoc, nó ón CGC uile a íoc ar an díol.
Diúscairt gnó nó feirme
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal Faoiseamh Scoir a fháil ó CGC i leith díol nó aistriú sócmhainní. Ní mór duit a bheith idir 55 bliain d’aois agus 66 bliain d’aois. Ní mór go mbeadh na sócmhainní in úsáid ag an ngnó nó ag an trádáil.
Féadtar an faoiseamh seo a éileamh i leith scaireanna i do chomhlacht teaghlaigh a aistriú nó a dhíol. Ní mór na scaireanna sin a choinneáil ar feadh deich mbliana ar a laghad.
Féadtar Faoiseamh Scoir iomlán a éileamh i leith gnó nó feirm a dhiúscairt chuig do leanbh.
Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta
Má thugann tú bronntanas nó oidhreacht do dhuine, féadfaidh sé go bhfuil orthu Cáin Bhronntanais nó Oidhreachta a íoc air.
Féadtar bronntanais agus oidhreachtaí saor ó cháin a thabhairt do do leanaí, do bhaill teaghlaigh agus do chairde suas go dtí teorainneacha nó tairseacha áirithe. Braitheann an tairseach infhaighte atá i bhfeidhm ar na nithe seo a leanas:
- do ghaol leis an duine a fhaigheann an bronntanas nó an oidhreacht
- agus
- cibé an bhfuair an duine aon bhronntanais nó oidhreachtaí eile faoin tairseach chéanna, ón 5 Nollaig 1991.
Féach an rannán Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tairseacha seo.
Tá Díolúine i leith Bronntanais Bheaga ar fáil freisin. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat bronntanais saor ó cháin suas le €3,000 in aghaidh na bliana a thabhairt do bhaill teaghlaigh nó do chairde.
Tá bronntanais nó oidhreachtaí a thugann tú do chéile nó do pháirtnéir shibhialta díolmhaithe ó Cháin Bhronntanais agus Oidhreachta.
Féadfaidh sé go mbaineann díolúintí le hábhar, amhail díolúintí a bhaineann le sochair scoir nó le tithe cónaithe, ag brath ar na cúinsí.
I measc na bhfaoisimh a d'fhéadfadh bille cánach an duine a fhaigheann an bronntanas nó an oidhreacht a laghdú tá:
Díolúine do Theach Chónaithe
Féadtar an Díolúine do Theach Chónaithe a fheidhmiú nuair a fhágann tú teach cónaithe ag tairbhí faoi choinníollacha d’uachta. Féadfaidh sé go mbaineann an díolúine le hábhar má bhronnann tú teach cónaithe do ghaol cleithiúnach.
Ar aghaidh: Cúram tí altranais