Daoine scothaosta

Cúram tí altranais

Má tá cúram tí altranais uait nó ó do pháirtnéir sibhialta, tá scéimeanna ann a bhféadtar cur isteach orthu.

Faoiseamh um Chostais Tí Altranais

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh ar Chostais Tí Altranais a n-íocann tú astu.

An Scéim Iasachta um Thithe Altranais (Cothrom na Féinne)

Tá an Scéim Iasachta um Thithe Altranais, nó an scéim Cothrom na Féinne, á reáchtáil ag  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Cuireann an scéim tacaíocht airgeadais ar fáil do dhaoine a dteastaíonn cúram tí altranais fadtéarmach uathu. Féach an rannán ar an Scéim iasachta um Thithe Altranais (Cothrom na Féinne) chun tuilleadh eolais a fháil.

Díolúine maidir le costais leighis daoine éagumasaithe

Féadfaidh sé go bhfuil tú ar éagumas go buan de bharr mhíchumais fhisiciúil nó intinne. Má tá, tá gach bronntanas nó oidhreacht a fhaigheann tú chun do chostais leighis a íoc díolmhaithe ó Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta. Féadtar costas do chúram tí altranais a bheith san áireamh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an díolúine seo sa rannán ar an Díolúine i leith costais cháilitheacha a bhaineann le héagumas fisiciúil nó meabhrach.

Ar aghaidh: Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)