Íocaíocht le haghaidh Dleacht Stampa a dhéanamh

Féadtar  Dleacht Stampa a íoc trí  Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit clárú le ROS a úsáid agus Deimhniú Digiteach ROS a bheith agat chun an tuairisceán a dhéanamh. Ní mór clárúchán le haghaidh cánacha gnó a bheith agat chun clárú le haghaidh ROS. Is iad seo ná cánacha gnó:

  • Cáin Ioncaim (seachas ÍMAT)
  • Cáin Chorparáide
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil
  • Cáin Bhreisluacha
  • PREM (Clárúchán Cánach Fostóirí)

Do thuairisceán Dleachta Stampa féin a thíolacadh ar líne

Má tá do thuairisceán Dleachta Stampa féin á thíolacadh agat ar líne trí ROS, féadfaidh tú  Treoir Dochair Dhírigh ROS (RDI) a bhunú chun an dleacht a íoc.

Ba chóir duit do chuntas bainc féin a ainmniú agus an TDR á shocrú agat don íocaíocht aonuaire. Sa chás go ndéanann tú éileamh bailí le haghaidh aisíocaíocht Dleachta Stampa ina dhiaidh sin, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an aisíocaíocht leis an gcuntas sin. 

Tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh ar líne ag Gníomhaire

Más gníomhaire thú (mar shampla, dlíodóir) atá ag íoc na Dleachta Stampa ar líne thar ceann cliant, ní mór duit TDR as féin a bhunú le haghaidh Dleacht Stampa.

Le linn duit an TDR as féin sin a bhunú, ní mór duit Cuntas Cliant do Ghnólachta a ainmniú. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na íocaíochtaí Dleachta Stampa le haghaidh na dtuairisceán uile atá tíolactha agat a chur chun dochair an chuntais seo. 

Sa chás go ndéanann tú éileamh bailí le haghaidh aisíocaíocht Dleachta Stampa ina dhiaidh sin, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an aisíocaíocht leis an gcuntas sin.

Tá sé tábhachtach nach n-ainmníonn tú cuntas bainc de chuid ceann de do chliant agus an TDR á bhunú agat. 

Sonraí bainc a athrú

Nuair atá an TDR bunaithe agat, féadfaidh sé gur gá duit do chuntas bainc ainmnithe a athrú. Mínítear in  Bainistigh do chuntais bhainc an chaoi leis seo a dhéanamh. 

Murar féidir íoc ar líne

Murar féidir leat íoc ar líne trí ROS, féadfaidh tú Dleacht Stampa a íoc: