Tuairisceán Cánach Ioncaim réamhlíonta a fheiceáil agus a chomhlánú

Féadtar tuairisceán Cánach Ioncaim réamhlíonta a fheiceáil agus a chomhlánú ar líne.

Tá Foirm 11 réamhlíonta ar fáil más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú atá cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá tuairisceán Cánach Ioncaim réamhlíonta ar fáil más cáiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú agus tú ag déanamh athbhreithnithe ar do cháin in moChúrsaí. Féadfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis réamhlíonta seo a leanas san áireamh ar do thuairisceán:

Féadfaidh sé go bhfuil an t-eolas réamhlíonta seo a leanas san áireamh ar do thuairisceán:

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus dáta breithe do chéile nó páirtnéir sibhialta (más infheidhmithe)
  • ioncam
  • creidmheasanna cánach
  • liúntais
  • faoisimh.

Ag brath ar do chúinsí, agus ar an gcaoi ar athraigh siad ó bhlianta roimhe seo, féadfaidh sé go dteastóidh sonraí uait maidir leis an méid seo:

  • ioncam ó chíos
  • ioncam eachtrach
  • ioncam ó tháillí, cúnaint, dáiltí
  • ioncam díolmhaithe
  • íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús íoctha
  • costais sláinte
  • srian ar shaothraithe ardioncaim
  • gnóthachain chaipitiúla
  • agus
  • dreasachtaí maoin-bhunaithe.

Tá cabhair ar fáil leis an bhFoirm 11 a thíolacadh, lena n-aírtear féinmheasúnú iomlán, sa rannán Féinmheasúnú agus féinfhostaíocht.  

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar tuairisceán Cánach Ioncaim réamhlíonta a thíolacadh trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

2019 agus blianta ina dhiaidh:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí agus téigh chuig an gcárta ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  • Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’.
  • Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
  • Cliceáil ar ‘Comhlánaigh tuairisceán Cánach Ioncaim’.

Féadtar Foirm 11 réamhlíonta a thíolacadh trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sínigh isteach ar ROS agus téigh chuig an rannán ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Sa rannán ‘Tíolaic tuairisceán’, roghnaigh an cineál tuairisceáin ‘Cáin Ioncaim’ agus ‘Foirm 11’.

Má tá foirm réamhlíonta ar fáil, tabharfar an rogha duit an fhoirm sin a oscailt.

Más mian leat, féadtar d’Fhoirm 11 nó tuairisceán Cánach Ioncaim réamhlíonta a shábháil agus a thíolacadh ar ball.