Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Athruithe i gcúinsí pearsanta i gcás éilitheoirí reatha

Samplaí d’athruithe i gcúinsí pearsanta sa chás:

  • go bpósann tú
  • go ndéanann tú athmhuintearas le céile scartha
  • go bhfuil tú ag comhchónaí
  • go gcláraíonn tú páirtnéireacht shibhialta.

Má athraíonn do chúinsí pearsanta le linn na bliana, ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn. Tá feidhm leis seo is cuma cé acu an tusa an t-éilitheoir príomha nó tánaisteach. 

Ní bhainfidh muid an CCCLDS uait láithreach. Bainfear é, áfach, don bhliain chánach ina dhiaidh.

Má éilíonn tú CCCLDS mar éilitheoir tánaisteach agus má athraíonn cúinsí an éilitheora phríomha, bainfear an CCCLDS. Ní tharlóidh sé seo má chomhlíonann tú na critéir chun bheith i d’éilitheoir príomha.

Ar aghaidh: Éilimh i mbliain scartha nó méala