Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Éilimh i mbliain scartha nó méala

Céard a tharlaíonn má scaraim ó mo chéile nó páirtnéir sibhialta?

Más tusa an céile nó páirtnéir sibhialta neamh-inmheasúnaithe, féadann tú an CCCLDS a éileamh i mbliain an scartha. Ní mór duit na coinníollacha uile a chomhlíonadh chun cáiliú. Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal banda ráta méadaithe.

Más tusa an céile nó páirtnéir sibhialta neamh-inmheasúnaithe, féadann tú an CCCLDS a éileamh i mbliain an scartha. Tá sé seo amhlaidh toisc go gcoinníonn tú an creidmheas cánach pearsanta agus banda ráta do dhuine pósta.

Bás céile nó páirtnéara shibhialta

Más tusa an céile nó páirtnéir sibhialta neamh-inmheasúnaithe, féadann tú an CCCLDS a éileamh i  mbliain an scartha. Féadtar an CCCLDS a éileamh don bhliain ina dhiaidh má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha.

Céard a tharlaíonn má stopaim de bheith ag cónaí le mo pháirtnéir?

Má stopann tú de bheith ag comhchónaí le do pháirtnéir le linn na bliana, ní fhéadann tú an CCCLDS a éileamh. Má chomhlíonann tú na riachtanais uile, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal an CCCLDS a éileamh sa chéad bhliain chánach eile.

Ar aghaidh: Éilitheoirí neamhchónaitheacha