Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Éilitheoirí neamhchónaitheacha

Má tá cónaí ort thar lear agus mura bhfuil aon ioncam in Éirinn agat, níl tú i dteideal an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS).

Céard a tharlaíonn má tá mé neamhchónaitheach agus má tá ioncam in Éirinn agam?

Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn, tá cuid de d’ioncam nó d’ioncam uile incháinithe anseo, féadfaidh tú an CCCLDS a éileamh.

Cinntíonn na rialacha i leith creidmheasanna cánach do neamhchónaitheoirí má fhaigheann tú sciar den chreidmheas, nó an creidmheas uile.

An CCCLDS a thabhairt suas d’éilitheoir tánaisteach

Sa chás go bhfuil tú i dteideal an CCCLDS a éileamh, beidh tú i dteideal é a thabhairt suas chomh maith.  Gheobhaidh éilitheoir tánaisteach Éireannach an creidmheas uile.

Mura bhfuil tú i dteideal an CCCLDS a éileamh, níl tú in ann é a thabhairt suas.