Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Cén chaoi a n-éilítear an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)?

Ní fhéadtar ach éileamh amháin a dhéanamh, is cuma cé mhéad leanaí cáilitheacha atá agat.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh mar éilitheoir príomha

Féadtar moChúrsaí a úsáid chun an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS) a éileamh. Chun éileamh a dhéanamh sa bhliain reatha cánach, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Bainistigh do cháin 2024’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. Roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  4. Roghnaigh 'Tú féin agus do theaghlach' agus ansin 'Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil' chun é a chur leis mar chreidmheas.
  5. Cliceáil ar 'Ar aghaidh' agus ansin cuir isteach líon na leanaí cleithiúnacha atá agat.
  6. Cuir isteach ainm(neacha), dáta breithe agus uimhir(uimhreacha) PSP do linbh.
  7. Cuir isteach ainm na scoile nó an choláiste ar a bhfuil siad ag freastal.
  8. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, féadfaidh tú codanna A agus C den Fhoirm SPCC1 a chomhlánú.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort foirm SPCC1 a thíolacadh, tar éis duit d'éileamh a dhéanamh ar moChúrsaí.

Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, féadtar an CCCLDS a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh mar éilitheoir tánaisteach

Ní fhéadtar an CCCLDS a éileamh ach amháin sa chás go bhfuil éileamh an éilitheora tugtha suas duitse.

Chun an CCCLDS a éileamh, mar éilitheoir tánaisteach, ní mór duit Foirm SPCC2 a chomhlánú. Ní fhéadtar an fhoirm seo a chomhlánú ar líne.

Ar aghaidh: An bhféadtar d'éileamh ar CCCLDS a thabhairt suas d'éilitheoir tánaisteach?