Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Éilitheoirí príomha agus tánaisteacha

Tá an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS) ar fáil duit más tusa an ‘t-éilitheoir príomha’. 

Féadann éilitheoir tánaisteach an CCCLDS a éileamh má thug an t-éilitheoir príomha suas é.

An éilitheoir príomha mé?

Chun bheith mar éilitheoir príomha:

  • ní mór na coinníollacha cáilitheacha a bheith comhlíonta agat
  • agus
  • ní mór do do leanbh cáilitheach cónaí leat don bhliain uile, nó don chuid is mó den bhliain (tréimhse níos faide ná sé mhí).

Má rugadh do leanbh le linn na bliana, ní mór don leanbh cónaí leat don chuid is mó den chuid eile den bhliain. Mar shampla, má rugadh do leanbh ar 1 Iúil, ní mór don leanbh cónaí leat níos faide ná trí mhí an bhliain sin.

Ní bhfaighidh tú ach creidmheas amháin, is cuma cé mhéad leanaí cáilitheacha atá ina gcónaí leat.

An éilitheoir tánaisteach mé?

Chun bheith mar éilitheoir tánaisteach:

  • ní mór duit na coinníollacha cáilitheacha a chomhlíonadh
  • agus
  • ní mór do do leanbh cáilitheach cónaí leat ar feadh 100 lá ar a laghad sa bhliain.

Ní gá gur 100 lá i ndiaidh a chéile atá i gceist. Áirítear mar lá amháin an chuid is mó de lá. Mar shampla, áirítear mar dhá lá an mhaidin Sathairn go dtí tráthnóna Domhnaigh.

Mar éilitheoir tánaisteach, ní fhéadtar an CCCLDS a éileamh ach amháin:

  • má tá éilitheoir príomha cáilitheach ann do do leanbh
  • agus
  • má tá an t-éilitheoir príomha tar éis a éileamh ar an gcreidmheas a thabhairt suas duitse.

Má phósann éilitheoir príomha cáilitheach an linbh, caillfidh tú do theidlíocht i leith an chreidmheasa.

Más éilitheoir tánaisteach thú agus má tharraingíonn na Coimisinéirí Ioncaim siar do CCCLDS, ní fhéadann muid insint duit cén fáth mar gheall ar na treoirlínte Cosanta Sonraí. An méid is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur in iúl duit ná nach gcáilíonn tú a thuilleadh don CCCLDS agus molfaidh muid mar sin go seiceálann tú na coinníollacha i leith cáilitheachta. Ní nochtfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haon duine aonair eile aon eolas pearsanta i leith éilimh.

Cé hé an t-éilitheoir príomha nuair atá coimirce chomhionann i gceist?

I roinnt cásanna, féadfaidh na cúirteanna cinneadh a dhéanamh i leith coimirce. Faoi ordú coimirce, féadtar coimirce chomhionann a thabhairt don bheirt tuismitheoirí nó caomhnóirí.

Cibé duine a fhaigheann an íocaíocht leasa linbh, measfar gurb é an duine sin an ‘t-éilitheoir príomha’ don CCCLDS.

An bhféadann an bheirt tuismitheoirí an CCCLDS a éileamh?

Má chomhlíonann sibh beirt na coinníollacha cáilitheachta, féadann tuismitheoirí nó caomhnóirí éileamh a dhéanamh i leith leanbh éagsúil.

Ní mór cónaí a bheith ar gach leanbh leis an tuismitheoir nó caomhnóir atá ag déanamh an éilimh. Ní fhéadtar dhá éileamh ar leithligh a dhéanamh i leith an linbh chéanna. Má mhaíonn beirt duine aonair gurb iad araon na héilitheoirí príomha i leith linbh amháin, féadann na Coimisinéirí Ioncaim fianaise thacaíochta a iarraidh ón mbeirt araon.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)?