Difríochtaí idir creidmheasanna, faoisimh agus díolúintí cánach

Faoisimh cánach

Is féidir le faoisimh chánach an t-ioncam ar a n-íocann tú Cáin Ioncaim a laghdú go díreach. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid an fhaoisimh a asbhaint ó d’ioncam sula ríomhfar do cháin. Féadtar ‘liúntas’ nó ‘asbhaint’ a thabhairt orthu. Mar shampla, Liúntas Madraí Treorach agus Cúramóir a fhostú.

D'fhéadfadh sé, mar thoradh ar fhaoisimh chánach, go bhfaighfeá aisíocaíocht chánach atá íoctha agat cheana féin.

Braitheann na faoisimh cánach a d’fhéadfá a éileamh ar do chás pearsanta. Féadtar teacht ar go leor de na faoisimh sa rannán ar Chreidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh agus díolúintí. Mar shampla:

Is féidir leat úsáid a bhaint as moChúrsaí chun éileamh a dhéanamh ar na faoisimh cánach trí 'Bainistigh do cháin don bhliain reatha' a roghnú.

Luach an fhaoisimh

Féadfaidh faoiseamh cánach a bheith ina mhéid sonrach. Seachas sin, is féidir le luach an fhaoisimh chánach a bheith ag an ráta caighdeánach cánach (20%) nó ag an ráta cánach is airde (suas le 40%). Mar shampla, tugtar Costais Tithe Altranais ag an ráta cánach is airde atá agat (suas le 40%).

Má thabhaíonn tú costais tí altranais, agus má íocann tú cáin ag an ráta níos airde, laghdaítear an t-ioncam ar a n-íocann tú cáin ag 40% ar dtús. Laghdaíonn sé seo an chuid de d’ioncam atá incháinaithe ag an ráta níos airde. gearrfar cáin de 40% ar aon ioncam atá fágtha os cionn do bhanda cánach ráta chaighdeánaigh.

Má thabhaíonn tú costais tí altranais agus má íocann tú cáin ag an ráta caighdeánach:

  • laghdófar d'ioncam de bharr an fhaoisimh
  • agus
  • gearrfar cáin ar an iarmhéid ag 20%.