Difríochtaí idir creidmheasanna, faoisimh agus díolúintí cánach

Céard iad creidmheasanna cánach ann?

Laghdaíonn creidmheasanna cánach go díreach an tsuim Chánach Ioncaim a íocann tú. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim iad i bhfeidhm tar éis do cháin a ríomh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn creidmheasanna cánach in Do Cháin Ioncaim a ríomh.

Braitheann na creidmheasanna cánach a fhaigheann tú ar do chúinsí pearsanta. Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim roinnt creidmheasanna cánach duit go huathoibríoch. Tá cinn eile nach mór duit a éileamh.

Tá aon chreidmheasanna cánach a thugann na Coimisinéirí Ioncaim duit, nó a d’fhéadfadh a éileamh, ar feadh bliana cánach iomlán. Ciallaíonn sé seo go n-úsáidfear aon chreidmheasanna cánach neamhúsáidte i dtréimhse pá, i dtréimhsí pá níos déanaí sa bhliain chánach chéanna. Ní fhéadtar aisíocaíocht a fháil ar aon chreidmheasanna cánach neamhúsáidte nó iad a aistriú go bliain eile chánach.

Féadtar do chreidmheasanna cánach a roinnt idir do phoist má tá dara nó níos mó post agat. Mínítear an chaoi a dheantar é seo ar Creidmheasanna cánach agus bandaí ráta a roinnt idir poist.

Tabhair do d'aire

Taispeánfar do chreidmheasanna cánach ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC).

Creidmheas cánach pearsanta bunúsach

Má tá tú chónaiteach in Éirinn, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim creidmheas cánach pearsanta bunúsach duit go huathoibríoch. Braitheann an Creidmheas Cánach Pearsanta bunúsach a fhaigheann tú ar cibé acu an bhfuil tú:

  • singil
  • pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta
  • i do bhaintreach nó i do pháirtnéir sibhialta marthanach
  • idirscartha
  • colscartha nó i d’iarpháirtnéir sibhialta.

Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas má aithríonn do chúinsí.

Creidmheasanna Cánach Breise

D’fhéadfá a bheith in ann creidmheasanna cánach breise a éileamh ag brath ar do chúinsí pearsanta, mar shampla:

Tá na creidmheasanna cánach uile sa chairt Rátaí cánach, bandaí agus faoisimh. Tá méideanna gach creidmheas cánach don bhliain seo agus do na ceithre bliana roimhe sin sna cairteacha seo freisin.

Bain úsáid as moChúrsaí chun éileamh a dhéanamh ar creidmheasanna breise cánach le haghaidh 2024, tríd an nasc ‘Bainistigh do cháin 2024’ a roghnú.

Ar aghaidh: Céard iad díolúintí cánach ann?