Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2024

Léargas ginearálta

Is é an dáta dlite le haghaidh Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) gach bliain ná an 1 Samhain. Ciallaíonn sé seo go mbeidh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ do 2024 ar aghaidh más maoin chónaithe í ar an 1 Samhain 2023.

Is gá duit an muirear CMÁ do 2024 a íoc más tú an duine dliteanach do CMÁ ar an 1 Samhain 2023. Tá tú fós mar an duine dliteanach má dhíolann nó má aistríonn tú do mhaoin idir an 1 Samhain 2023 agus an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Le seiceáil má tú agus do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ, féach Dliteanas le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar do luacháil maoine amhail an 1 Samhain 2021. Cinnfidh do luacháil ar do mhaoin ar an dáta seo do mhuirear CMÁ le haghaidh gach bliain suas go dtí 2025.

Baineann sé seo le maoine nua-thógtha nó athchóirithe atá do-áitrithe ar an 1 Samhain 2021, ach atá feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe ar an 1 Samhain 2023.

Braithfidh an méid atá le déanamh agat do 2024 ar an méid seo a leanas:

  • an raibh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2023
  • ar tháinig do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2024.

Tabhair do d'aire

Féadfaidh sé go dtiocfaidh do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2024. Más sin an cás, ba chóir duit do mhaoin a luacháil agus do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh faoin 1 Nollaig 2023. Mura bhfuil do thuairisceán tíolactha agat go fóill, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.

Ar aghaidh: Maoine a tháinig de bheith faoi dhliteanas