Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2024

Spriocdhátaí um thíolacadh agus íoc

Tabhair do d’aire

Má íocann tú do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le Dochar Díreach nó Treoir Dochair Bhliantúil agus go bhfuil tú tar éis do sholáthraí bainc athrú le déanaí, ba chóir duit do shonraí bainc le haghaidh CMÁ a thabhairt cothrom le dáta. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do shonraí bainc le haghaidh CMÁ a thabhairt cothrom le dáta.

Braitheann an dáta roimh ar a bhfuil ort do mhuirear CMÁ a íoc ar an modh íocaíochta a roghnaíonn tú:

  • Eanáir 2024 – tosaíonn tráthíocaíochtaí trí asbhaint ag an bhfoinse agus gnáthíocaíochtaí airgid thirim trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta.
  • 10 Eanáir 2024 – is é seo an dáta deiridh chun íocaíocht iomlán a dhéanamh le hairgead tirim (trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta), seic, cárta creidmheasa nó cárta dochair.
  • 15 Eanáir 2024 – tosófar íocaíochtaí dochair dhírigh míosúla agus leanfaidh siad ar aghaidh ar an 15ú lá de gach mí.
  • 21 Márta 2024 – is é seo an dáta asbhainte le haghaidh íocaíocht a dhéanamh trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB).

Ba chóir go mbeadh do mhodh íocaíochta deimhnithe agat leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 01 Nollaig 2023 má tá tú chun d'íocaíochtaí a roinnt thar 2024.

Logáil isteach ar an tairseach CMÁ le d’íocaíocht a dhéanamh, nó socrú a dhéanamh chun íocaíocht a dhéanamh ar líne.

Tabhair do d’aire

Má roghnaíonn tú do mhuirear CMÁ a íoc le cárta dochair nó le cárta creidmheasa, próiseálfar d’íocaíocht ar an dáta a dtíolactar é.

Ar aghaidh: Maoine a bhí faoi dhliteanas CMÁ in 2022