Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)

Díolúintí le haghaidh cónaitheoirí

Tá Éireannaigh chónaitheacha cháilitheacha, ar a dtugtar daoine eisiata, i dteideal díolúine ón CID a fháil. Más duine eisiata thú, ní mór duit an díolúine a éileamh.

Is daoine eisiata iad: 

  • cuideachtaí
  • scéimeanna pinsin
  • iontaobhais scairúinéireachta d’fhostaithe cháilitheacha (ESOT)
  • gnóthais chomhinfheistíochta (CIU)
  • carthanais
  • comhlachtaí a bhunaítear d’fhonn cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn, agus chun na críche sin amháin
  • bróicéirí ceaptha i dtaca le cuntais speisialta infheistíochta punainne (SPIA)
  • bainisteoirí ciste cáilitheacha i dtaca le cistí scoir formheasta (ARF) nó cistí scoir íosta formheasta (AMRF)
  • iontaobhais aonaid éireannacha dhíolmhaithe
  • riarthóirí Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA)
  • daoine aonair atá ar éagumas buan agus atá díolmhaithe ó cháin ioncaim ar:
    • íocaíochtaí a fhaightear ó iontaobhais cháilitheacha, as ioncam a eascraíonn ó na híocaíochtaí seo a infheistiú
    • ioncam ó infheistíocht ó chúiteamh as éilimh gortaithe pearsanta. (Is amhlaidh atá an cás, bíodh sé go ndearna na cúirteanna an cúiteamh, nó trí shocraíochtaí amach as an gcúirt.)
  • iontaobhaithe ciste iontaobhais:
    • bailithe ag síntiúis phoiblí
    • do dhaoine aonair atá ar éagumas buan agus nach bhfuil in ann aire a thabhairt dóibh féin
    • sa chás go bhfuil an t-iontaobhas díolmhaithe ó Cháin Ioncaim ar ioncam ó chistí iontaobhais a infheistiú.
  • Íospartaigh tailídimíde atá díolmhaithe ó cháin ioncaim ar ioncam ó íocaíochtaí cúitimh a infheistiú, ar íocaíochtaí iad ón:
    • Aire Sláinte agus Leanaí
    • Thalidomide Victims Foundation
  • soláthraí Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) atá ag fáil an dáilte iomchuí mar ioncam a eascraíonn i ndáil le sócmhainní TPPU.

Cén chaoi le díolúine a éileamh

Ní mór do dhaoine eisiata ceann amháin de na foirmeacha dearbhaithe seo a leanas a chomhlánú:

Beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh deireadh le thú a bheith i do dhuine eisiata chun críocha an CID.

Féadtar an fhoirm dhearbhaithe a thabhairt:

  • don chuideachta atá ag déanamh an dáilte
  • chuig d’idirghabhálaí cáilitheach (QI)
  • gníomhaire iarchoimeádta údaraithe (AWA).

Ar aghaidh: Aisíocaíochtaí le haghaidh cónaitheoirí