Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)

Íocaíocht agus tuairisceán a thíolacadh

Ní mór do chuideachtaí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun an CID a íoc agus an tuairisceán a thíolacadh i leith gach mí a dhéanann siad dáileadh cuí, nó i leith gach mí a chaitear leo amhail go ndearna siad dáileadh cuí. Folaíonn dáileadh cuí díbhinní a dhéanann cuideachtaí neamhchónaitheacha comhlachaithe faoi chomhshocraíocht stoc stápáilte.

An spriocdháta le haghaidh íoc agus tíolacadh ná an 14ú lá den mhí tar éis na míosa inar íocadh an dáileadh. Mar shampla, má íocadh dáileadh ar 10 Meitheamh, an spriocdháta ná 14 Iúil.

Ní mór do chuideachtaí tuairisceán a tíolacadh laistigh den chreat ama seo fiú murar asbhaineadh CID ón dáileadh.

Is é dáta an dáilte an dáta a íoctar an díbhinn leis an scairshealbhóir.

Ní mór do gach cuideachta, lena n-áirítear Gníomhaire Iarchoimeádta Údaraithe (GIU), a dhéanann dáileadh cuí ráiteas a thabhairt do gach faighteoir ina luaitear:

  • ainm agus seoladh na cuideachta atá ag déanamh an dáilte
  • ainm agus seoladh an GIU, má bhí sé páirteach ann
  • ainm agus seoladh an duine a ndearnadh an dáileadh leo
  • an dáta a íocadh an dáileadh
  • méid an dáilte
  • méid an GIU, más ann dó, a asbhaineadh ón dáileadh.

Ar aghaidh: Díolúintí le haghaidh cónaitheoirí