Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)
    Céard is Idirghabhálaí Cáilitheach (IC) agus Gníomhaire Iarchoimeádta Údaraithe (GIU) ann?
IC
Is éard is IC ann ná duine a fhéadann dáiltí a fháil ar son daoine eile. Ceadaítear cúinsí faoin scéim CID ina ndéantar dáiltí trí idirghabhálaithe. 
GIU
Is cineál idirghabhálaí é an GIU chun críocha na scéime CID. Féadann cuideachta dáileadh a dhéanamh trí GIU gan CID a asbhaint. Tá an GIU freagrach as CID a asbhaint ón dáileadh agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Níl an t-údarás seo ag IC.
Údarú mar IC nó GIU
Ní mór do lucht IC agus GIU údarú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim chun an scéim CID a oibriú. Féadtar an t-údarú seo a aisghairm mura gcloíonn IC nó GIU le coinníollacha áirithe.
Féach list of currently approved QIs and AWAs le haghaidh tuilleadh eolais.
Chun aisíocaíocht CID a éileamh ar Éilimh Mhargaigh, ní mór duit an refund claim form for market claims a chur faoi bhráid an Aonaid CID. 
Chun Íocaíochtaí CID a ceangail ar Éilimh Mhargaidh, ní mór duit an market claim payment form agus the schedule a chur faoi bhráid an Aonaid CID.