Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)

Cé ba chóir CID a iarchoimeád?

Déantar CID a asbhaint ó gach dáileadh cuí. Folaíonn dáiltí cuí gach íocaíocht ar gnách caitheamh leo mar dháileadh d’fhonn Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide (CC) a bhfuil an méid seo a leanas bainteach:

  • gnáthdhíbhinní airgid, agus díbhinní neamhairgid
  • costais arna dtabhú ag dlúthchuideachtaí chun sochair nó áiseanna a sholáthar do rannpháirtí sa chuideachta
  • farasbarr úis íoctha ag dlúthchuideachtaí le stiúrthóirí
  • scruithdhíbhinní cuideachtaí luaite. Scairchaipiteal breise cuideachta luaite is ea iad seo a thógtar in áit dáileadh airgid.
  • agus
  • scruithdhíbhinní cuideachtaí neamhluaite.

Asbhaintear CID freisin i gcás ina bhfuil díolúintí agus eisiaimh curtha as feidhm le haghaidh dáiltí a dhéantar chuig eintiteas comhlachaithe:

  • i ndlínsí le cáin nialasach nó i ndlínsí gan cháin
  • i ndlínsí ar liosta an Aontais Eorpaigh (AE) de dhlínsí neamh-chomhoibríocha.

Tugtar bearta cosanta íocaíochta amach orthu seo.

Cén uair nár chóir CID a asbhaint

Faoi réir bhearta cosanta na n-íocaíochtaí amach, níor chóir CID a asbhaint:

  • ó dhíbhinní a íoctar le hairí Rialtais, ina gcáil mar airí
  • ó dhíbhinní a íoctar le Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean
  • ó dháiltí a dhéanann fochuideachta cónaitheach in Éirinn lena máthairchuideachta AE, áit nach gceadaítear faoin reachtaíocht AE cáin a iarchoimeád
  • ó dhíbhinní a íoctar le scairshealbhóir a roghnaíonn faoi chomhshocraíocht stoc stápáilte an díbhinn a fháil ó chuideachta neamhchónaitheach bhainteach
  • ó dhíbhinní a dhéantar ó bhrabúis dhíolmhaithe sheilbh ar thalamh coille
  • ó dháiltí a dhéantar ó ioncam áirithe dhíolmhaithe ó oibríochtaí mianadóireachta
  • agus, nó
  • ó dháiltí a dhéantar ó chuideachta cónaitheach in Éirinn chuig cuideachta eile atá cónaitheach in Éirinn ar fochuideachta 51% dó é.

Níor chóir do chuideachtaí CID a asbhaint ó dháileadh má tá foirm dearbhaithe bailí um dhíolúine CID acu dóibh siúd atá faoi réir bearta cosanta íocaíochtaí amach. Is ceann acu seo a leanas atá i gceist:

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Tax and Duty Manual Part 33-05-01.

Ar aghaidh: Íocaíocht agus tuairisceán a thíolacadh