Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)

Díolúintí le haghaidh neamhchónaitheoirí

Féadann duine neamhchónaitheach díolúine ó CID a éileamh. Mar sin féin, tá sé seo faoi réir bearta cosanta íocaíochtaí amach.

Is daoine neamhchónaitheacha cáilitheacha faoi réir bearta cosanta iad:

  • Daoine, seachas cuideachtaí, nach bhfuil cónaitheach ná gnáthchónaitheach sa Stát. Féadann cistí aoisliúntais agus carthanais a bheith san áireamh leis na daoine seo. Ní mór dóibh a bheith cónaitheach chun críocha cánach i gcríocha cuí atá:
  • Cuideachtaí atá cónaitheach i gcríocha cuí nach cuideachtaí iad atá faoi stiúir díreach ná indíreach duine atá cónaitheach in Éirinn.
  • Cuideachtaí nach bhfuil cónaitheach sa Stát ar cuideachtaí iad atá faoi stiúir daoine atá cónaitheach chun críocha cánach i gcríocha cuí
  • Cuideachtaí nach bhfuil cónaitheach sa Stát, agus a ndéantar mórchuid a bpríomh-aicme scaireanna a thrádáil ar cheann díobh seo a leanas go rialta:
    • stocmhalartán sa Stát
    • stocmhalartán aitheanta amháin, nó níos mó ná ceann, i gcríocha cuí
    • stocmhalartán eile den chineál sin a fhéadann an tAire Airgeadais a fhaomhadh
  • Cuideachtaí nach bhfuil cónaitheach sa Stát ar fochuideachta 75% iad de chuideachta eile. Sa chás go ndéantar mórchuid phríomh-aicme scaireanna na máthairchuideachta a thrádáil ar cheann díobh seo a leanas go rialta:
    • stocmhalartán sa Stát
    • stocmhalartán aitheanta amháin, nó níos mó ná ceann, i gcríocha cuí
    • stocmhalartán eile den chineál sin a fhéadann an tAire Airgeadais a fhaomhadh.
  • Cuideachtaí nach bhfuil cónaitheach sa Stát atá faoi úinéireacht iomlán ag dhá chuideachta nó níos mó sa chás go ndéantar mórchuid a bpríomh-aicme scaireanna a thrádáil ar cheann díobh seo a leanas go rialta:
    • stocmhalartán sa Stát
    • stocmhalartán aitheanta amháin, nó níos mó ná ceann, i gcríocha cuí
    • stocmhalartán eile den chineál sin a fhéadann an tAire Airgeadais a fhaomhadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Tax and Duty Manual Part 33-05-01.

Cén chaoi le díolúine a éileamh

Ní teidlíocht uathoibríoch é díolúine a fháil ó CID. Chun díolúine a éileamh, ní mór do dhuine neamhchónaitheach cáilitheach an fhoirm dhearbhaithe chuí um dhíolúine a chomhlánú:

  • Form V2B, más cuideachta iad
  • Form V2A, más duine aonair iad
  • Form V2C, más comhlacht daoine iad (nach duine aonair ná cuideachta iad).

Ní mór na foirmeacha V2A agus V2C a bheith deimhnithe ag údarás canach na tíre ina bhfuil cónaí ar an duine neamhchónaitheach cáilitheach.

Tá an díolúine bailí go dtí 31 Nollaig na cúigiú bliana tar éis na bliana inar eisíodh an díolúine.

Más mian leis an duine neamhchónaitheach cáilitheach go leanfadh siad leis an díolúine CID a fháil, ní mór dóibh an díolúine a athnuachan roimh dheireadh na tréimhse seo.

Ní mór do scairshealbhóir díolmhaithe an fhoirm dhearbhaithe um dhíolúine a chur ar fáil do cheann díobh seo:

  • cuideachta Éireannach nó an Gníomhaire Iarchoimeádta Údaraithe (GIU)
  • an Idirghabhálaí Cáilitheach (IC) a rinne an íocaíocht díbhinne.

Tá próiseas simplithe ann do chónaitheoirí na Stát Aontaithe (SAM) chun díbhinní de chuid Admhálacha Taiscí Meiriceánacha (ADR) a fháil gan CID a asbhaint. Déan Teagmháil leis an Aonad um an gCáin Iarchoimeádta ar Dhíbhinní le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Aisíocaíochtaí le haghaidh neamhchónaitheoirí