Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)

Aisíocaíochtaí le haghaidh neamhchónaitheoirí

I gcás duine cáilitheach neamhchónaitheach a bhfuil CSD asbhainte acu ó dhíbhinn Éireannach, féadann siad aisíocaíocht a éileamh.

Ní mór foirm dheimhnithe um dhearbhú díolúine CSD a bheith in éineacht le gach éileamh ar aisíocaíocht CSD.

Ar leathanach 1 den DWT refund claim form tá liosta iomlán de na doiciméid nach mór a bheith in éineacht le gach éileamh.

Chun éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht CSD ar dhíbhinn ó Iontaobhas Infheistíochta Eastáit Réadaigh (REIT), ní mór an DWT REIT claim form a úsáid.

Chun aisíocaíocht a éileamh ar Cháin Shiarchoinneálach CERE asbhainte ó íocaíocht i leith teagmhas incháinithe CERE, ní mór duit IREF Withholding Tax claim form a úsáid.

Ar aghaidh: Céard is Idirghabhálaí Cáilitheach (IC) agus Gníomhaire Iarchoimeádta Údaraithe (GIU) ann?