Prionsabail cosanta sonraí

Coinneáil sonraí, teorannú stórála

Ní choinneoidh muid do chuid faisnéise tráth níos déanaí ná mar is gá chun na críocha sonraithe. Leagtar amach i bpolasaí agus sceideal na gCoimisinéirí Ioncaim um Choinneáil Sonraí na sonraí maidir leis na hachair éagsúla ama a choinneofar aicmí éagsúla taifead.

Sa chás nach dteastaíonn taifid uainn a thuilleadh, scriosfar iad. Tá ceangal orainn údarú a lorg ó Stiúrthóir na gCartlann Náisiúnta i ndáil le taifid uile na gCoimisinéirí Ioncaim a scriosadh.

Ar aghaidh: Slándáil agus rúndacht