Prionsabail cosanta sonraí

Slándáil agus rúndacht

Cinnteoidh muid go gcoinneoidh muid do shonraí slán agus sábháilte. Tá sé ríthábhachtach ardchaighdeáin slándála fisiciúla agus teicniúla a choinneáil chun rúndacht sonraí pearsanta a chosaint. Folaíonn siad seo:

  • cinntiú nach bhfuil i gcearta rochtana foirne ach amháin feadh an mhéid faisnéise a theastaíonn chun a ndualgais cheaptha a chur i gcrích
  • cinntiú go gcosnaítear córais ríomhaire le pasfhocail
  • nach nochtar pasfhocail phearsanta slándála le haon duine aonair eile (fostaithe eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim san áireamh)
  • loga iniúchóireachta a choinneáil i ndáil le rochtain léimh nó athruithe ar ár gcórais
  • faisnéis ar scáileáin ríomhairí agus páipéir a choinneáil ó radharc cuairteoirí in oifigí
  • áiseanna cuí a bheith i bhfeidhm chun bruscar rúnda a dhiúscairt
  • bearta agus polasaithe imleora slándála a bheith i bhfeidhm i ndáil le húsáid ríomhairí glúine agus gléasanna eile stórála móibíleacha
  • cinntiú nach stóráiltear sonraí pearsanta ar ghléasanna iniompartha, ach amháin i gcúinsí riachtanacha. 
  • cinntiú go ndéantar sonraí pearsanta a chriptiú sa chás:
    • go bhfuil siad á stóráil ar ghléasanna iniompartha
    • go bhfuil siad á n-aistriú go leictreonacha (tríd an ríomhphost san áireamh)
  • áitreabh a choinneáil slán, go háirithe nuair nach bhfuil aon duine ann
  • cinntiú go bhfuil cosaint sonraí dóthanach agus clásail rúndachta i bhfeidhm i gcás próiseálaithe sonraí ag gníomhú thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim.