Eolas ar thíolacadh párolla

Dáta pá

Ní mór d'fhostóirí pá agus asbhaintí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta a ndéanann tú íocaíocht le fostaí nó roimh an dáta sin.

Is féidir leis an dáta seo a bheith difriúil ag brath ar an gcaoi a n-íocann tú na fostaithe. Má íocann tú na fostaithe:

  • le hairgead tirim - is é seo an dáta ar a dtugtar an t-airgead tirim don fhostaí
  • le seic - is é seo an dáta ar an seic
  • le aistriú bainc - is é seo an dáta atá na cistí sceidealaithe le cur ar fáil i gcuntas bainc an duine aonair. 

Sa chás go dtiteann lá pá ar lá nach lá oibre bainc é agus má tá íocaíochtaí le fostaithe dlite ar an lá sin, measann na Coimisinéirí Ioncaim gurb é an lá sin an lá pá. Tarlaíonn sé seo ar an gcoinníoll go gcuirtear na cistí ar fáil don fhostaí ar an lá oibre bainc roimhe sin.

Ar aghaidh: Ceartúcháin