Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh

Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT

moChúrsaí - Tá sé tapa. Tá sé éasca. Agus tá sé saor in aisce.

Más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú chun:

  • éileamh a dhéanamh i leith creidmheasanna, faoisimh nó costais bhreise
  • ioncam breise a dhearbhú
  • Ráiteas Dliteanais don bhliain a fháil
  • éileamh a dhéanamh ar aisíocaíochtaí Cánach Ioncaim nó an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ró-íoctha
  • agus
  • aon dliteanas Cánach Ioncaim nó MSU gearríoctha a dheimhniú.

Tabhair do d’aire

I gcás custaiméirí féinmheasúnaithe agus féinfhostaithe, féach Do thuairisceán cánach a thíolacadh.

I gcás custaiméirí ÍMAT, féach an t-eolas thíos.

Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú ar líne

An bealach is tapúla agus is éasca chun Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú ná le Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí. Féadtar do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú do bhliain ar leith ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí agus comhlánaigh an Fíorú Dhá Chéim (2FA).
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. Roghnaigh 'Tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim’ don bhliain chuí.

Nuair a bheidh do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT comhlánaithe agat, gheobhaidh tú do Ráiteas Dliteanais don bhliain infheidhme laistigh de chúig lá oibre.

Tuairisceáin Cánach Ioncaim ÍMAT Páipéir (Foirm 12S)

Is éard atá sa Thuairisceáin Cánach Ioncaim ÍMAT Páipéir (Foirm 12S) ná tuairisceán cánach simplithe do cháiníocóirí ÍMAT. Tá sé beartaithe le haghaidh custaiméirí a bhfuil gnáthchúrsaí cánach i gceist leo agus nach bhfuil in ann ár seirbhísí ar líne a úsáid. Murab ionann agus an Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT ar líne, ní áirítear sa tuairisceán páipéir sonraí faoin bhfaisnéis atá á coinneáil ar do thaifead de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, dá bhrí sin ort an faisnéis seo a chur ar fáil ar an tuairisceán.

Físeán ar ‘Cén chaoi le Ráiteas Dliteanais a iarraidh agus Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú’

Teorainneacha Ama

Ní mór tíolacthaí an Tuairisceán Cánach Ioncaim a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an tuairisceán. Ó Eanáir 2024, féadfaidh tú Tuairisceán Cánach Ioncaim le haghaidh na mblianta 2020-2023 a thíolacadh.

Ar aghaidh: Ráiteas Dliteanais