Tíolaic Tuairisceán Cánach Ioncaim: Custaiméirí ÍMAT
I gcás 2019 agus blianta ina dhiaidh:
Ba chóir Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú chun:
- éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna, faoisimh nó costais bhreise
- ioncam breise a dhearbhú
- Ráiteas Dliteanais don bhliain a fháil
- éileamh a dhéanamh ar aisíocaíochtaí cánach nó Mhuirir Sóisialach Uilíoch (MSU) ró-íoctha
- aon dliteanais cánach agus, nó MSU gearríoctha a dheimhniú.
Gach bliain, iarrtar ar roinnt cáiníocóirí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú faoin 31 Deireadh Fómhair. Níl an áis ar fáil do na custaiméirí seo chun Ráiteas Dliteanais a iarraidh.
I cás gach bliain, ní thugann an Tuairisceán Cánach Ioncaim ar líne deis duit sonraí i leith Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a thuairisciú. Teastóidh tuairisceán ar leithligh CGC a chomhlánú chun é sin a dhéanamh.
Cén chaoi le teacht ar an tuairisceán Cánach Ioncaim
Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:
I gcás 2019 agus blianta ina dhiaidh:
- Cliceáil ar an nasc 'Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Iarr ar ‘Ráiteas Dliteanais’.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’ agus lean na céimeanna chun an tuairisceán a chomhlánú.
- An tuairisceán a thíolacadh.