Tuairisceán Dleachta Stampa a Thíolacadh

Leis an tseirbhís tuairisceáin Dleachta Stampa, féadtar do thuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh agus íoc as ar bhealach slán ar líne. Is éard is Dleacht Stampa ann ná cáin a ghearrtar ar dhoiciméid áirithe i scríbhinn ar a dtugtar ‘ionstraimí’. Má tá Dleacht Stampa dlite le híoc agat ar ‘ionstraim’, beidh eolas i do thuairisceán faoin ionstraim sin.

Ón uair a bheidh do thuairisceán tíolactha agat, ní mór duit an Dleacht Stampa atá dlite a íoc[1]. Folóidh sé seo aon ús, formhuirir nó pionóis a fhéadann a bheith tabhaithe agat. Eiseoidh muid ansin deimhniú stampa chugat, ar fianaise é gur stampáil muid d’ionstraim.

An bhféadtar teacht ar an tseirbhís le hUimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN)?

Ní fhéadtar. Is gá go mbeadh Deimhniú Digiteach Sheirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agat chun an tseirbhís a úsáid agus do thuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Is dócha go bhfuil Deimhniú Digiteach ROS in úsáid ag do chomhlacht. Seiceáil le Riarthóir ROS do chomhlachta, toisc go bhféadfaidh sé go n-úsáideann siad é chun Cáin Bhreisluacha (CBL) nó Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) do chomhlachta a íoc. Má tá Deimhniú Digiteach ROS ag an Riarthóir ROS, féadann tú iarraidh orthu fo-dheimhniú ROS a thabhairt duit. Leis seo, beidh tú in ann tuairisceán Dleachta Stampála a thíolacadh.

Mura bhfuil Deimhniú Digiteach ROS ag do chomhlacht, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar cheann.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Uimhir Tagartha Cánach gach páirtí san ionstraim
  • an t-aitheantas maoine don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ), má tá an dáta 1 Bealtaine 2013 nó dá éis air. Baineann sé seo le hábhar más rud é gur tíolacas/aistriú maoine cónaithe é an ionstraim. Is gnách go mbíonn Aitheantas na Maoine ar fáil ón díoltóir

Más maoin chónaithe nua atá ann, agus murar sannadh uimhir CMÁ uirthi, déanfaidh an córas ríomh-Stampála an uimhir sin a ghiniúint go uathoibríoch.  

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Faoin rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh, roghnaigh ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’.
  • Ón liosta roghanna ‘Cineál Cánach’, roghnaigh ‘Dleacht Stampa’.     
  • Roghnaigh ‘Tuairisceán Dleachta Stampa’ ón liosta roghanna ‘Roghnaigh cineál tuairisceáin’.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic Tuairisceán’.
  • Cuir isteach an t-eolas cuí don tuairisceán Dleachta Stampa.

[1] Má tá treoir dochair ROS (RDI) in úsáid agat cheana féin chun cánacha eile a íoc, ní mór duit chomh maith RDI ar leithligh a bhunú chun Dleacht Stampa a íoc.