Íocaíocht a iarchur

Tairseacha ioncaim

Leis an gcatagóir iarchurtha seo, tá an rogha ann le haghaidh iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt (50%) de dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ). Tá an rogha seo faoi réir tairseacha áirithe ioncaim. Ba chóir don mhaoin a bheith ar an aon áit chónaithe atá agat nó gurb é do phríomháit chónaithe é. Níl iarchur tairsí ioncaim ar fáil le haghaidh tiarnaí talún ná le haghaidh na dara maoine.

Má cháilíonn tú d’iarchur iomlán, féadfaidh tú sa chás sin 100% den dliteanas a iarchur. Má cháilíonn tú d’iarchur páirteach, féadtar sa chás sin 50% den dliteanas a iarchur. Ba chóir duit modh íocaíochta a roghnú chun an t-iarmhéid 50% den dliteanas a íoc.

Féadtar éileamh a dhéanamh ar iarchur faoi ‘thairseach ioncaim’ ar bhonn féinmheasúnaithe. É sin ráite, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim éilimh a roghnú chun críocha seiceálacha fíorúcháin, áfach. Fanfaidh na hiarchuir tairseacha ioncaim éilithe de bheith i bhfeidhm don tréimhse luachála 2026 go dtí 2030, ach amháin má dhíoltar nó má aistrítear an mhaoin le linn na tréimhse seo. 

Iarrtar ort, áfach, na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas más rud é:

  • go bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí
  • agus
  • nach gcomhlíonann tú an critéar do gach catagóir iarchuir atá éilithe agat a thuilleadh.

Má d'éiligh tú iarchur roimhe seo, ní mór duit Tuairisceán nua CMÁ a thíolacadh faoin 7 Samhain 2025. Clúdaíonn an tuairisceán seo na blianta 2026 go 2030. Má tá tú fós i dteideal iarchur, féadtar é sin a éileamh ar do thuairisceán CMÁ.

An chaoi le do cháilitheacht a sheiceáil

Céim a haon: D’ioncam don bhliain chuí a mheas

Ba chóir duit meastachán a dhéanamh ar d’ioncam ó gach foinse le haghaidh bliain iomlán. Ba chóir go mbeadh an meastachán bunaithe ar d’ioncam sa bhliain sula mbeidh an CMÁ iníoctha. Mar shampla, i gcás CMÁ atá iníoctha in 2026, ba cheart go mbainfeadh an ioncam measta leis an tréimhse 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025.

Céim a dó: Cinntigh an bhfuil ceann amháin de na tairseacha á chomhlíonadh agat chun iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt araon a éileamh.

Ríomhtar ioncam comhlán mar gach ioncam sula ndéantar aon asbhaintí, liúntais nó faoisimh a fheidhmiú. Áirítear ann an t-ioncam nach bhfuil faoi réir Cáin Ioncaim. Áirítear sa ríomh an t-ioncam a fhaightear ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Ní fholaíonn an ríomh Sochar Linbh.

Má tá tú féinfhostaithe, is éard é ‘d’ioncam comhlan’ ná d’ioncam incháinithe.

Tairseacha chun iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt a éileamh
Duine dliteanach (úinéirí-áititheoirí amháin)Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur iomlán, ní mór nach mó an t-ioncam comhlán náChun bheith incháilithe le haghaidh iarchur iomlán, ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná
Duine singil nó baintreach, gan mhorgáiste €25,000 €40,000
Lánúin, gan mhorgáiste €40,000 €55,000

Lánúin is ea lánúin pósta, páirtnéirí sibhialta agus roinnt comháitritheoirí. Méadaítear na tairseacha thuas faoi 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste do mhorgáistí a tógadh amach roimh 1 Samhain 2020.

Le haghaidh tuilleadh eolas, féach Tairseach Ioncaim arna Choigeartú ag Morgáiste.

Céim a trí: Iarratas a dhéanamh ar an Iarchur

Tá an rogha ann iarratas a dhéanamh ar Iarchar Ioncaim ar an Tuairisceán CMÁ

Má tá do Thuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin, ach gur mian leat anois iarratas a dhéanamh ar iarchur, ba chóir duit d’iarratas a thíolacadh trí M’Fhiosruithe nó tríd an bpost chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA OP 1
Luimneach.

Ar aghaidh: Tairseach ioncaim arna choigeartú ag morgáiste