Íocaíochtaí Cánach Maoine Áitiúla a iarchur

Dócmhainneacht phearsanta

Ní fhéadtar an t-iarchur seo a éileamh ach amháin má tá ceann de na socruithe seo a leanas déanta agat:

  • Socraíocht Fiachais
  • Socraíocht Dócmhainneachta Pearsanta

faoi An tAcht um Dhócmhainneachta Phearsanta, 2012.

Ní mór an socrú seo a bheith comhaontaithe go foirmiúil agat féin agus ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (ISI) d’fhonn a bheith incháilithe le haghaidh iarchur íocaíochta CMÁ.

Féadfaidh tú aon dliteanais CMÁ a iarchur do na blianta a chlúdaíonn an socrú dócmhainneachta. Níl aon dliteanais do na blianta taobh amuigh de thréimhsí na socraíochta incháilithe don iarchur seo.

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le héilimh ar iarchur dócmhainneachta pearsanta ar bhonn féinmheasúnaithe. Éiríonn an CMÁ iarchurtha seo móide ús fabhraithe chun bheith dlite nuair a thagann deireadh leis an socrú dócmhainneachta a bheith i bhfeidhm.

Níl an chatagóir iarchurtha seo srianta d’úinéirí–áititheoirí. Ciallaíonn sé go bhféadtar an t-iarchur seo a éileamh le haghaidh:

  • maoine cíosa
  • maoine cónaitheacha eile ar leat iad.

Cén chaoi a bhféadtar cur isteach ar an iarchur seo?

Chun iarratas a dhéanamh ar iarchur, ba chóir duit Foirm LPT2 a chomhlánú, agus an ‘Chásuimhir Dócmhainneachta’ a chur san áireamh mar a chuir an ISI ar fáil duit é.

Féadfaidh tú d’fhoirm LPT2 a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar líne trí moChúrsaíSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). De rogha ar sin, féadfaidh tú d’fhoirm páipéar LPT2 a sheoladh chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA PO 100
Inis
Contae an Chláir.

Má theastaíonn aon chabhair uait, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ. Tá tuilleadh eolais ar fáil sna Treoirlínte maidir le híocaíocht CMÁ a iarchur nó a iarchur i bpáirt.

Ar aghaidh: Forais chruatain