Íocaíochtaí Cánach Maoine Áitiúla a iarchur

Ionadaí pearsanta do dhuine básaithe dhliteanaigh

Féadfaidh ionadaithe pearsanta do dhuine dliteanach atá éagtha iarratas a dhéanamh ar an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) a iarchur. Féadtar iarchur a dhéanamh ar an CMÁ seo a leanas:

  • CMÁ atá amuigh ar dháta an bháis
  • CMÁ a rinne an duine éagtha a iarchur roimhe seo
  • CMÁ a éiríonn a bheith iníoctha tar éis an bháis.

Féadfaidh tú an tsuim CMÁ amuigh ar dháta an bháis a aithint trí rochtain ar an gcuntas CMÁ ar líne don duine éagtha.

Chun cáiliú don iarchur, ní mór an duine éagtha a bheith ar an aon úinéir amháin ar an maoin. Ní riachtanas é, áfach, go raibh an maoin mar an t-aon áit nó an príomháit chónaithe a bhí acu.

Tá sonraí agus samplaí ar fáil sna Treoirlínte maidir le híocaíocht CMÁ a iarchur nó a iarchur i bpáirt.

Féadfaidh ionadaithe pearsanta do dhuine dliteanach atá éagtha iarratas a dhéanamh ar iarchur go dtí an ceann is luaithe de na dátaí seo:

  • an dáta a aistríodh nó a díoladh an mhaoin
  • trí bliana tar éis dháta an bháis (féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim breathnú ar shíneadh a chur leis i gcúinsí áirithe).

Is ar an dáta atá i bhfeidhm thuas ar a n-éiríonn na dliteanais amuigh CMÁ aníos, mar aon le haon ús dlite.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcatagóir iarchurtha seo

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcatagóir iarchurtha seo, ba chóir duit a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim gur tusa ionadaí pearsanta an duine dhliteanaigh éagtha trí M’Fhiosruithe nó tríd an bPost chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA OP 1
Luimneach

Ba chóir duit chomh maith an Fhoirm LPT2 a chomhlánú. Féadfaidh tú d’fhoirm LPT2 a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar líne trí moChúrsaíSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). De rogha ar sin, féadfaidh tú d’fhoirm páipéar LPT2 a sheoladh chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA PO 100
Inis
Contae an Chláir.

Má theastaíonn aon chabhair uait, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ.

Ar aghaidh: Dócmhainneacht phearsanta