Íocaíochtaí Cánach Maoine Áitiúla a iarchur

Forais chruatain

Chun iarchur a éileamh ar fhorais chruatain ní mór duit:

  • caillteanas nó costas suntasach neamhthuartha agus dosheachanta a bheith tagtha romhat sa bhliain reatha
  • agus
  • dá dheasca sin, nach bhfuil tú in ann anois an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc gan cruatan iomarcach airgeadais a chothú.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha seo a leanas, féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt. Níl an chatagóir iarchur seo srianta d’úinéirí-áititheoirí. Ciallaíonn sé go bhfuil tú in ann ann iarchur seo a éileamh chomh maith i leith:

  • maoine cíosa
  • maoine cónaithe eile atá agat

Ní mór don iarchur seo a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim sula gcuirtear i bhfeidhm é. Teastóidh sé i d’éileamh go ndéanfá nochtadh iomlán ar do chúinsí airgeadais. Beidh ort tuilleadh eolas agus doiciméad tacaíochta a sholáthar freisin.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt a dheonú. Éiríonn an t-iarchur seo chun bheith dlite, móide ús fabhraithe, nuair a thagann deireadh leis an socrú um iarchur nó in aon imeacht ábhartha eile.

Ní dheonófar iarchur sa chás nach raibh súil le costais, is cuma iad a bheith suntasach nó nach ea. Cuirfear do chuid cúinsí pearsanta san áireamh. Áiríonn sé seo baill eile teaghlaigh a bhfuil ioncam acu agus a fhéadfaidh íocaíocht a chur i dtreo chostais an teaghlaigh, an CMÁ san áireamh. Tá samplaí den iarchur seo sna Treoirlínte maidir le CMÁ a iarchur nó a iarchur i bpáirt.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcatagóir iarchurtha seo

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcatagóir iarchur seo, ba chóir duit an Fhoirm LPT2 a chomhlánú. Féadfaidh tú d’fhoirm LPT2 a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar líne trí moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). De rogha ar sin, féadfaidh tú d’fhoirm páipéar LPT2 a sheoladh chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA PO 100
Inis
Contae an Chláir.

Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas san áireamh ar do thíolacadh:

  • eolas breise maidir leis an gcaillteanas nó an costas a tabhaíodh
  • agus
  • sonraí i leith d’ioncam teaghlaigh ó gach foinse.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh eolais agus doiciméid uait d’fhonn d’éileamh ar iarchur ar íocaíocht a mheas.

Má theastaíonn aon chabhair uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ. Tá tuilleadh eolais ar fáil sna Treoirlínte maidir le híocaíocht CMÁ a iarchur nó a iarchur i bpáirt.